Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cill Cais
Sráid-bhaile beag ag bun Sliabh-na-mBan timcheall sé nó seacht de míltibh ó Carraig-na-Súire iseadh Cill Cais.Bhí caisleán ag an Buitléirig an uair, a thug foithin agus díon do sagairt agus easbaig nuair a bhí na Sasanaig ar a d-tóir. Caitlichig do bheadh muinntear an chaisleáin seo. Cé go raibh Buitléirig na Carraige agus Cille Coinnig 'na bProtustúnaig bhíodar an-mhuinnteardha le na ngaolta i gCill Cais.Do sgríobhadh an caoineadh i nónóir do Lady Iveagh a chabhruig leis chun bheith 'na shagairt. Taisbeánann an file an brón a bhí air féin agus ar mhuinntir na h-áite nuair a leagadh na coillte agus nuair a d'imthig muinntir an chaisleáin sa bhlian 1784. Díoladh an caisleán agus gach a raibh ann sa bhliain 1800. Níl ann anois ach fallaí loma.Deirtear nuair a bhí an file 'na sagart pharóiste i gCill Rosanta nár dhein sé dearmhad coidhche paidreacha do rádh ar son anam Lady Iveagh De Domhnaig ag an Aifreann.
Ss Ní Annagáin- Bailitheoir
- S. Ní Annagáin