Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iongnadh le duine cionnus a fuair sé an t-ainm úd óir níl 'na timcheall ach cnuic beaga agus carraigeagha. Ac is ait gur ó na cnuic sin a fuair an t-ainm óir ceapadh go gcuirfeadh na carraigeacha agus na cnuic beaga ud atá fá'n loch cnuic móra seanganacha igcuimhne duit.Taobh thuas de'n loch cítear carraig mór ag sáitheadh amac o'n bhfaill, agus tá sin mar doras do phluais mhóir ar a dtugtar Seomra an Bhitheamhnaigh áit a chuireadh bitheamhnaig futha i n-allód. Tá an pluais measardha cumaing ag an dtosach ach téigheann sé i leithead de réir mar a théightear isteach ann. "Cró Crotaigh" a tugtar air óir deirtear gur ann a choimeadár an ropaire sin Crotaigh na h-ainmidhthe uilig a ghoideadh sé ó na daoine. Ní ann a cuir é féin fé ar cor ar bith. Bhí árus comhnuidhe aige i bpluais taobh thuas de Loch Cuimeara ar a dtugtar anois Loch Crothaigh. B'eisean duine de na ropairí ba mhó chlú san 18adh aois. San áit timcheall annsin tá a lán pluais 'na gcuireadh na bitheamhnaigh futha i n-allód agus na Fínínigh i '67 agus(leanann ar an chéad leathanach eile)