Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “Seanscéal - Liam a' Sí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rugad Liam Handerahan nó Liam a' Sidhe i gCill Cais, sa bhliain 1710. Mac fheirmeóra 'bigh a b'eadh é. Beirt dhearbráthar aige a bhí níos sine agus níos láidre ná é. Duine beag lag a b'éadh é féin. Bhí sé cliste go leór agus ibhfad níos fearr cun foglumtha ná a bheirt dearbráthar.
    Nuair a bhí sé seact mbliana d'aois chuir Liam aithne ar na Daoine Maithe nó na Sidheóga. Lá, nuair a bhí sé na shuidhe i gcoiréal chuala sé ceól an-bhinn. Cuaidh sé á lorg agus chuir sé aithne ar bhainrioghain na Sidheóg an lá san. Niorbh fada go rabhadar an-mhuintheardha le na chéile agus bhí an-chomhacht aige ortha. Aon uair a bheadh bréoiteacht no trioblóid ar mhuinntir na h-aithe théighidís go dtí Liam agus gheibhidís comhairle uaidh. Bhí sé fé mar a bheadh prionnsa 'na measg.
    Do bhí Liam le pósadh ac nuair a chuala na sidheóga an sgéal bhíodar ar buille, go mór mór an bainrioghan. Mar sin féin, phós sé an cailín - Nóra Ní Caomanaig in aindeóin na sidheóg go léir.
    Nuair a fuair Liam bás bhí muinntir na h-áite i gcruaidh-chás mar ní raibh aenne aca anois chun labhairt leis na sidheóga ar a son.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Baróid
    Inscne
    Baineann