School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 379
- XML “Bóithre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sa tseana shaoghal isé an áit a bhí an bóthar ná anoir an Bóna Bán agus tríd an dtaobh theas de Cúil Aodha agus siar go barra Doire An Chuilinn agus annsan an Cúm amach. Indiaidh san do deineadh an bóthar i leit ón muileann fan na h-abhann agus bhí sé sin ana leithbhéala. is dóigh liom go raibh bóthar Doirín Áluinn déanta roim bóthar Chúíl Aodha mar ise an ainm a ghlaodhann daoine fásta air na an seana bhóthar. Is dóigh liom gur sa tseana shaoghal a deineadh bóthar Síle Lear mar is minic d’airigheas mo shean-athair a rádh leis na fearaibh nuair a thagaidís chun na té ná raibh puinn té aca féin nuair a bhídís ag déanamh an bhóthair sin. Tá morán cros bóthair ann atá ana usáideac leis.Tá cuid aca go maith árd ach má ta féin tá cómhngar ionnta leis.
- Informant
- Tadhg M. Ó Duinnín
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí