Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 379
- XML “Bóithre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sa tseana shaoghal isé an áit a bhí an bóthar ná anoir an Bóna Bán agus tríd an dtaobh theas de Cúil Aodha agus siar go barra Doire An Chuilinn agus annsan an Cúm amach. Indiaidh san do deineadh an bóthar i leit ón muileann fan na h-abhann agus bhí sé sin ana leithbhéala. is dóigh liom go raibh bóthar Doirín Áluinn déanta roim bóthar Chúíl Aodha mar ise an ainm a ghlaodhann daoine fásta air na an seana bhóthar. Is dóigh liom gur sa tseana shaoghal a deineadh bóthar Síle Lear mar is minic d’airigheas mo shean-athair a rádh leis na fearaibh nuair a thagaidís chun na té ná raibh puinn té aca féin nuair a bhídís ag déanamh an bhóthair sin. Tá morán cros bóthair ann atá ana usáideac leis.Tá cuid aca go maith árd ach má ta féin tá cómhngar ionnta leis.
- Faisnéiseoir
- Tadhg M. Ó Duinnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Cork