Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 353

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 353

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 353
  3. XML “Lios”
  4. XML “Filíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na seana mhná san seód tobac. Tá casán fé thalamh ó líos go líos agus teideann na seana mhná ag sgoráidheacht ag tríall ar a chéile. Seactmhain na Nodhlag deineann siad ana ghnátham don sgaráidheacht, agus beireann gach duine acu buidéal whiskey leí mar bronntanas done duine eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is fada tá Éire le na céadta múchta,
    I gradhain a bhéarla agus claon dlíghthe cúmhanga,
    Chun gur tháinig solas ón aon-mhic chúghainn féin mar cúnse,
    Ó dhíbir sé an Béarla bréin go Lonndain,
    An muinntir do bhí óg dá seóla is dá mhúineadh
    Ní raibh paidir ná cré acu mar a bhí gach aoinne a tháinig rúmpa
    Ach glafaracht Béarla na mbéal go flúirseach
    Is gearr go mbeidís caoch ag claon deilfe lútair.
    (II)
    Ó tógadh an scamall dínn cuirmís le chéile,
    Is deinimís ár mactnam gur b'iad na Sasanaigh a chaoc sinn
    Nuair a chailleamair teangha ár n-natharacha naomhtha
    Is bhí Pádhraig Aspal nuair a bheannuigh sé Éire.
    Tá na Sasanaigh thíos is ní díol liom i
    gcúrsa
    Mar d'fhágadar na bóithribh go breoite agus go dúbhach sinn
    Bhíodar san Aifrice caithte ins gach cúinne.
    Agus beidh Dia dhuit fós mar scóp ar Lonndain .
    (III)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Duinnín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Chorcaí