School: Cúil Aodha (roll number 16521)

Location:
Cúil Aodha, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 331

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 331

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúil Aodha
  2. XML Page 331
  3. XML “Cúrsaí Bia”
  4. XML “Tithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Níor bhé an bíadh céadhna a bhíodh acu fadó agus atá acu anois. Prátaí ar fad a bhíodh acu fadó ach bhíodh mín-choirce agus bainne reamhar acu uaireanta. Iad féin a dheineadh an mhin choirce do mheilt. Bhíodh tráthanna áirighthe i rith na bliadhna agus bhíodh féasta ag na daoine. Sé an bíadh a bhíodh acu an uair sin ná mil agus arán cruithneachtan agus bhíodh té acu uaireanta. Ba mhinic a bhíodh staimpí agus praiseach acu. Seo mar a deintí an staimpí - gheibhidís na prátaí agus dheinidís iad do níghe agus do lomadh. Dheinidís iad do ghril annsan agus do bhácáil. Sé an sórd gril a bhíodh acu ná clúdach bosca agus poill déanta ann le tairgní. Ní deintí é d'úsáid d'aon ghnó eile ach do's na prátaí amháin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ins na tigthe a bhíodh acu bíodh cuid na fallaí déanta de chré. "Fallaí fidín" a tigthaíar na fallaí san agus bhíodh tuille díobh déanta de chlocha. Sé an sórt dín a bíodh ortha ná scrat curtha anuas ar an adhmad agus tuighe nú fionnán deas mín anuas ar sin agus é ceangaile le slata ar a dtugtaí scuilb Fionnán an gnáth rud a bhíodh ann ach i dtigthe na n-uasal bhíodh giolcach i n-ionad an fhionnáin. Úrláir cré na gnáth úrláir a bhíodh ionta ach bhíodh leacacha a gcuid díobh. Croiceann gabhair a bhíodh ins na fuinneóga i n-ionad ghloine. Sé an glas a bíodh acu do'n doras na lúb as stapla ó'n dtaobh amuich agus bólta adhmaid ó'n dtaobh istig. Mura mbeadh an bólta ann chuirfidís sámh thach rámhainne nú rud éigin mar sin na choinnibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Age
    53
    Occupation
    Gréasaí
    Address
    Cúil Aodha, Co. Cork