Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)
- Suíomh:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Múinteoir: Pádraig Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúil Aodha
- XML Leathanach 331
- XML “Cúrsaí Bia”
- XML “Tithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Ins na tigthe a bhíodh acu bíodh cuid na fallaí déanta de chré. "Fallaí fidín" a tigthaíar na fallaí san agus bhíodh tuille díobh déanta de chlocha. Sé an sórt dín a bíodh ortha ná scrat curtha anuas ar an adhmad agus tuighe nú fionnán deas mín anuas ar sin agus é ceangaile le slata ar a dtugtaí scuilb Fionnán an gnáth rud a bhíodh ann ach i dtigthe na n-uasal bhíodh giolcach i n-ionad an fhionnáin. Úrláir cré na gnáth úrláir a bhíodh ionta ach bhíodh leacacha a gcuid díobh. Croiceann gabhair a bhíodh ins na fuinneóga i n-ionad ghloine. Sé an glas a bíodh acu do'n doras na lúb as stapla ó'n dtaobh amuich agus bólta adhmaid ó'n dtaobh istig. Mura mbeadh an bólta ann chuirfidís sámh thach rámhainne nú rud éigin mar sin na choinnibh(leanann ar an chéad leathanach eile)