Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a cuaidh an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Iosep go Beithleim bhí sé teipithe ortha lóisdín d'fhághail mar bhí an uile áit tógaithe suas ag na strainnséirig eile.
    Fé dheire cuadhar isteach i dtigh i na raibh fear agus bean ann agus d'iarradar bheit istig go maidin.
    Bhí an bean sásta an chead sin a thabhairt dóibh, mar bhí sí deagh-chroidheach acht ba dhuine doicheallach an fear agus cuir sé ón dorus iad.
    Ba gearr a bíodar imtighthe nuair a bhuail pian é, agus annsan tháinig catú air gur díbir sé an bheirt a iarr an lóisdín air. Chuir sé a bhean amach ar a lorg á rádh léi gan filleadh choidhche go bhfuigheadh sí amach iad.
    Chuardaigh sí síos is suas agus fé dheire cá thiocfadh sí suas leo acht istig i sgioból bó. San am ceadna bí ár Slánuightheóir beirthe agus É leagtha i mainséar a bhí ann.
    D'innis an bhean bhocht mar deirig do'n fhear ó sgaradar leis agus an cúis ar cuireadh i féin amach ar a lorg le na dtabhairt ar ais chun an tíghe. Nuair a bhí sí críochnuighthe le na theachtaire labhair an Mhaighdean Ghlórmhar agus dubhairt sí.
    "Bean mín ar fear borb
    Agus Mac Dé na luighe ar Colg."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chróinín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí