School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máire Ní Shuibhne, Túirín Dubh. Aois - Dhá bhliain déag
22-7-’38
Béaloideas
1. Dá bhfaigheadh duine rud ar iasacht agus go mbeadh an duine eile chuige ar an spota chun é a fháil arís déarfadh sé é seo:- ’Sé an iasacht é agus an tine ’na thóin. 2. ’Sé an tsaill é i dtóin muice méithe. Dá dtugtaí bronntanas do dhuine ná beadh aon ghá aige leis, is mar a chéile é is a bheith ag cur tuilleadh méithe i dtóin muice ná [fuil] faic inti cheana ach méith.
3. Líonadh in ionad an fholmhaithe,
Is é ’fháil mar chothrom ó Íosa,
Is go bhfaigheann an croí gan dochma
Ní ’na dhorn nár síleadh.
Má bhíonn duine neamhdhoicheallach geobhaidh sé gach rud a theastaíonn uaidh mar chothrom ó Dhia.- Collector
- Máire Ní Shuibhne
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí