Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó, fadó, nuair a bhí an tAthair Seoirse ’na shagart paróiste in Inis Beithe do théadh sé ó go Gleann Cárthaigh gach Domhnach ag lé’ aifrinn ann. Maidin áirithe dá raibh sé ag dul ó dheas do bhuail scata garsún uime a bhí istigh i bpáirc agus iad ag bualadh báire. Do chuaigh an liathróid idir bheirt gharsún. Do scread duine acu ar an duine eile. Fair dheas a dhiail, h-anaman diar fair deas. Do chonaic an sagart an buachaill ach ní fhaca an buachaill an sagart agus ní raibh a fhios aige cá raibh sé ’na sheasamh go raibh greim ag an sagart ar bhior a chluaise air.
“Tá tú tagartha go maith,” arsa an sagart, “ach b’fhéidir ná fuil do cheachtanna chomh maith san agat – an mó Dia ann?” arsa an sagart. “Á! bog dom chluais, a athair,” arsa an garsún, “agus neosaidh mé dhuit.” Ach níor bhog an sagart dá chluais, ach is amhlaidh a bhain sé stathadh agus tarrac as.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 9
- Seoladh
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí