Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Loingsigh, Curraithe. Aois – Aon bhliain déag
8-3-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí fear ag dul go dtí an baile mór lá fé dhéin mála mine mar ní bhfaightí aon mhin sna sráideannaibh beaga fadó. Ar mhuin asail a bhí sé. Shrois sé an siopa. D’fhág sé an t-asal taobh amuigh de dhoras an tsiopa. Chuaigh sé isteach agus cheannaigh sé an mhin.
Chuir sé an mála mine ar a ghualainn agus chuaigh sé in airde ar an asal. Thug sé a bhóthar abhaile air, an mála ar a ghualainn aige agus é ag marcaíocht ar an asal. Níorbh fhada ar an mbóthar é gur bhuail comharsa leis. Stad an chomharsa é. D’fhéach sé ar fhear an asail, agus d’fhéach sé ar an asal, agus d’fhéach sé ar an mála. Chrom sé ag gáire.
“Cad ’na thaobh duit an mála a bheith ar do ghualainn agat?” ar seisean.
“Ó, bheadh sé róthrom don asal agus táim féin á iompar,” arsa an fear. Amadán dob ea an fear san.- Bailitheoir
- Máire Ní Loinsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Na Curraithe, Co. Chorcaí