Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nó go múscladh sé é.
Bhí a cuid oibre féin le déanamh ag an gcuileog. Nuair a bhíodh Mo Chua ag canadh na salm ní ligeadh an chuileog do dul ar seachrán i measc na línte. Nuair a stadadh sé do stadadh an chuileog ar an bhfocal deireanach adeireadh sé. Nuair a d’fhéachadh sé ar an leabhar arís bhíodh an líne is an focal ceart aige. Nuair a thosnaíodh sé arís do leanadh an chuileog é ó fhocal go focal.
Ba mhaith na trí peataí iad. Ach tháinig lá bróin ar Mo Chua. Fuair na trí peataí bás. Do bhí uaigneas air ’na ndiaidh. Do scríobh sé go dtí Colam Cille, naomh mór eile a bhí ann an uair sin, agus d’innis sé dho an tubaist a tharla. Do bhí brón ar Cholam Cille leis ach duine suairc dob ea é agus ba mhaith leis gáire do bhaint as Mo Chua bocht brónach. Do scríobh sé leitir chuige:- “A chara mo chroí,” ar seisean, “is trua liom do chás , ach ná fuil ’fhios(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Oileán Eidhneach Thiar, Co. Chorcaí