Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0675

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0675

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0675
  3. XML “Dómhnall Mór agus Seán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair agus Dómhnall mór a ghlaodhfaidis air. Bhí fear eile ann agus Seán a b'ainm do. Bhí Dómhnall mór pósta is bhí ferim breágh aige in-aice Maghchromtha. Lá amháin bhíodar ag baint móna agus chuireadar fios ar Sheán cun cabhrú leó. Thosnuigheadar ar a seacht a chlog ar maidin agus nuair a tháinig cúig a chlog um thrathnóna ní raibh aon dínnéir ithte acu ná ní raibh aon trácht air.
    Bhí Seán ar buille le h-ocras agus bhí sé le rádh le Domhnall mór rud eígin a thabhairt le n-ithe do ach tháinig eagla air agus dubhairt sé leis féín b'féidir go mbuailfheadh Dómhnall mór é.
    Tímpeall a sé a chlog um thráthnóna dubhairt Dómhnaill mór le na fir a bhí ag obair do go raibh ana ocras tagaithe air féin agus gur dócha go raibh ocras ortha leis. Dúbhradar go raibh ocras ortha mar ná raibh pioc le n-ithe acu ó seacht a chlog ar maidin. " Fé dheire chuadar isteach abhaile agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Chéilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63