Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus bhí sé ana aosta agus bhí sé ana ghlic leis.
Lá amháin do tháinig bacach go dtí an doras cuige agus bhí gadhar ag an fear ghlic agus bhí ana chion aige ar an ngadhar.
Do tháinig an fear ghlic amach go dtí an bacach agus d'fhiafruig sé dhe cad a bhí uaidh agus dubhairt an bacach rud éigin do thabhairt do ar son Dé.
Dubhairt an fear ghlic ná raibh pioc aige le tabhairt do ach cúpla prátaí lobhtha. Dubhairt an bacach leis an gadairín beag a bhí aige do thabhairt do.
Dubhairt an fear ghlic leis an mbacach go dtabharfadh sé an gadhar do ach trí céad púnt a thabhairt dó air ach dubhairt an bacach leis ná tabharfhadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Chéilleachair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68