Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0676

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 0676

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 0676
  3. XML “Dómhnall Mór agus Seán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "dubhairt Domhnall mór leis an mnaoí rud eigin a thabhairt le n-ithe dhóibh ar son Dé". Dubhairt an bhean go dtabharfadh[?] sí an dínnéir dóibh go deimin nuair a bheadh sé [?] aice." Bhíodar istig tamall ana mhór ag feitheamh leis an dínnéir ach ní raibh sé ag ollamhúghadh dhoibh ná aon trácht air.
    Fé dheire dubhairt Dómhnall mór leí a raibh sí cun aon dínnéir a thabhairt dóibh agus dubhairt sí gur dearmhad sí é. Chuaidh Domhnall mór amach an dorus agus d'fhan sé amuich tamall[?] ana mhór. Tar-éis tamaill tháinig sé isteach agus bata mór na láim aige. Rug sé ar an mhnaoí agus thug sé aon buille amháin di ar a thóin agus thosnuig sí ag sgreadaig.
    Ansan do rug na fir ar Dómhnall mór agus dúbhradar leis gan í bhualadh a thuille mar go marbhóchadh sé í. Tháinig ana fhearg ar Dhómhnall agus dubhairt sé le na mhnaoí an dínnéir a thabhairt dóibh nó go dtabharfhadh sé an rud céadhna dí nó rud éigin níos measa.
    Do dhein sí an dínnéir d'ollamhúghadh dhóibh agus ní raibh sí ró mhall leis. Nuair a bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Chéilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63