Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    b'é an céad rud a dhéanfadh sé ná dul amach i gcóir an uisce agus bhí feabhas ag teacht air i gcómhnuidhe. Tháinig lá breágh gréine agus chuaidh sé amach agus shuidh sé amuigh cois a' chlaidhe. Shín sé amach a dá chois agus bhí na dathacha dóighte tar éis na teine. Tháinig na cuilí gorma go léir mór-thímcheall air agus do lúigheadar mór-tímceall a chosa. Do leig sé dhóibh go dtí go rabhadar cnósaighte dá chéile agus do bhuail sé dá bhais anuas ortha agus do mhairbh sé iad go léir. Nuair a bhíodar go léir marbh aige do chómhaireamh sé iad.
    Bhí trí chead acu ann. "Níl aon baoghal agam-sa gurb' olc atá mo shaoghal curtha agam, aon gaisgídheach chómh maith liom, do mhairbh trí céad le h-aon bhuille." Chuaidh sé isteach ag triall ar an mháthair. "Seo, a mháthair" a dubhairt sé, ní déanfhad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Thuama
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Bhuirne, Co. Chorcaí