Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “Scéal - Casadh an tSúgáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gcasfhadh sé an súgán di, agus súid chun oibre é láithreach. Nuair a bhí an súgan cómh fada san gur shrois sé an dorus, ón dteine d'oscail sí an dorus do agus dubhairt sí lei é dhéanamh beagainín níos sia. Nuair a bhí an fear taobh amuich den dorus dhún sí an dorus air agus d'órduig sí do dul abhaile leis féin. Annsan dhein an fear rann agus thosnuig sé á amhránuigheacht taobh amuich den dorus. Sé seó é:-
    D'imreas cleas i dteach Uí Dhómhnaill aréir
    Is an an tarna cleas i dteach bheag eile le na thaobh,
    An tríomhadh cleas níl neart dom áireamh ar mo scéal,
    Ach gur chuir an tseanbhan amach mé le casadh an tsúgáinín féir.
    Annsan nuair a bhí an fear curtha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Fuinneagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí