Scoil: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (uimhir rolla 14813)
- Suíomh:
- Ros Ó gCairbre, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Áilbe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Nuair a gheibheann tinncéirí bás tugaid tigearnaí talmhan, Orangemen 7 parsons go hIfrinn”
1) Nuair a gheibheann tinncéirí bás tugaid tigearnaí talmhan, Orangemen agus parsons go h-Ifrinn.2) Nuair a cuirtear duine, is ceart d'a ghaolta gabháíl treasna na h-uaige trí uaire - nó bás in ndán dóibh an bhliain sin.3) A lone bush is shelter for a soul4) Mí-adh - easóg a gabháíl treasna an bhothair ós do chomhair
Ádh - má thagann sí id' choinnibh ar dheis
5) Nuair do goideadh ím le piseóga sa t-sean-aimsir, do déin an té gur leis é iarracht ar é d'fhágáil tar n-ais arís. Uaireannta do chuiridis soch iarainn isteach sa teine an fhaid is a bhí bean a' tighe ag rádh paidir. Annsan thosnuigh sí ag deanamh na cuigine agus tháinig an t-ím tar n-ais. Uaireannta eile do chuireadar slat mór-timceall na meidre agus annsan bhaineadar cúpla casadh as, agus b'éígin do'n chailín a ghoid an t-im, teacht agus iarraidh ortha stad de'n casadh agus go dtabharfadh sí an t-ím tar nais.
6) Is féídir le daoine áirithe súil mhalluithe a chur ort agus loitfeadh an droch-fhéáchaint sin bó no aon rud eile7) Do lámha do nighe istig sa tig agus gan an t-uisge do dortadh amach8) Is milse an salann ná an siúicre, tá níos mó buadh aige(leanann ar an chéad leathanach eile)