Scoil: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (uimhir rolla 9588)

Suíomh:
An Cnoicín Buí Íochtarach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dd. Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0300, Leathanach 362

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0300, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag
  2. XML Leathanach 362
  3. XML “Cruiceoga agus Beacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cuir do mhallacht ortha, nó imtheochaidh síad go leír, nó tuitfidh mí-ádh ortha.
    Deineann na beacha fíádhaine nead dóíbh féin amuigh sa mhóínféar sa Samhradh - "cúnsóg" a tugtar ar sin.
    Is minic leis alán díobh le chéile i gclaidhe agus a bheaga nó a mhór de mhil acu.
    An beá(ch) ghabhair a tugtar ar an "warble fly" sa cheanntar seo. Bíonn síád an-dhian ar ba bhána (báinies) agus bíonn na ba so lán dá gcuid gcealg i ndeire an tSamhraidh. Dá chomhartha san is beag feirmeóir a choimeádann "báiní" timcheall na h-áite seo agus ní bhíonn aon ghlaodhach ar laogh bhán. Creidtear go mbíonn ba bána an-fhuar. An ceann go mbíonn craiceann dearg aici níl aon bhó d'aon dáth eile cómh maith leí chun ime.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
        2. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann