Scoil: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (uimhir rolla 9588)
- Suíomh:
- An Cnoicín Buí Íochtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dd. Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Cros a' Chipín".Nós a bhí an-choitcheannta imeasg na daoine annso úair b'eadh cros a dhéanamh ar mhunnchillí na bpáistí ar Lá 'le Pádraig.Cuirtí cipín sa teine agus deintí a dheargadh. Nuair bheadh sé ag dóghadh ar feadh tamaillín, muchtaí é agus annsan deintí an chros do ghearradh ar chasóga na bpáistí. Deintí é sin chun a chur i gcuimhne dhóibh gur ar an lá san a tugadh an fhír-chreideamh don tír.
"Sgiotachán" an focal ar chipín mar sin; nó mar gaedhilg ar an focal "splinter".In áiteanna eile, fiú amháin i mBéal Atha an Ghaorthaidh tugtar "geataire" mar ainm ar "splinter", acht dubhairt an tsean-duine ón(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Néill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí