School: Baile an Chaisleáin

Location:
Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisleáin
  2. XML Page 248
  3. XML “Old Traditions”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. NA LEASA
    Do chreid a lán des na sean-daoine gurb iad na Lochlannaigh a thóg na leasa agus gurb iad a sprideanna súd a bhí ag cosaint rún a fuair bás leis na Lochlannaig féin.

    BEOR na LOCHLANNACH
    Do dhein na Lochlannaigh beor an-mhilis as an bfraoch, agus níor thugadar run a dheunta d'aoinne. Thárla nár mhair ach beirt aca indiaidh an choda eile, sean duine agus a mhac, agus bhíodar san gabhtha ag na Gaedhil. Do gealladh don mbeirt go leogfaí saor iad ach rún deunta an bheoir a thabhairt uatha. Do ghlaoidh an sean-duine an taoiseach ar leath taoibh agus arsa sé, "Ní foláír duit mo mhac do mharbhú ar dtúis mar dá scaoilfinn an rún uaim do mhairbheochadh sé siúd mé."
    Do deineadh rud ar an sean duine agus nuair a chonaic sé corp a mhic sínte ar an dtalamh d'iarr sé ar na Gaedhil é féín do mharbhú, "Mar," ar seisean "bhí eagla orm dá mairfeadh sé siúd im dhiaidh go scaoilfeadh sé an rún uaidh. Ní baoghal don rún anois agus tá cead agaibh mise do mharbhú." Pe 'cu gur marbuigheadh é no gur leigeadh dó a shaoghal nádúra do chaitheamh do thug sé an rún leis.

    MUINNTIR DHONNABHAIN MIODHRUIS AGUS NA LOCHLANNAIGH
    Cé gur innis stair na Mumhan go dtainigh Muinntir Dhonnabhain go Cairbre t'réis teacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412E: (Danish Heather Beer.)
    Language
    Irish