Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)

Suíomh:
Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Siochfhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Máistir Gaoithe
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cistí Óir i bhFolach
    Do bhí Lochlannach i bparóiste na Dromada i gCiarraighe Theas fadó. Do chreach sé na mainistreacha go léir a bhí sa cheanntar. Sa deireadh do marbhuigheadh é agus do cuireadh é féin agus a chuid creiche i gcnoc i gCillín-liath dhá mhíle dtaobh thoir de Mháistir-Gaoithe. Tá an uaigh le feiscint san áit fós. Tugtar Clochán na Lochlannach ar an áit go dtí an lá indiu cé go bhfuil sé tímcheall deich gcéad bliain ó shoin ó cuireadh an Lochlannach ann.
    Tímcheall céad bliain ó shoin do bhí fear sa chómharsanacht ar a dtugtaí Seán Óg. Do thaibhreamh sé siúd trí oidhche in dhiaidh a chéile go raibh ór curtha fé leac mór a bhí in aice na h-úagha.
    Lá ar na mháireach dthimthigh sé go dtí an Clochán. Ar a slighe dó, do bhuail beirt fhear uimhe a bhí ag baint aitin. Diarr sé ortha teacht leis chun an leac a iompódh. Núair a thangadar do dtí an Clochán ní raibh a fhios acu ciaca leac a iompódaidís mar bhí alán leac mór ann. Dheineadar ceann acu diompáil agus ní raibh aon ór fé.
    Níor tugadh aon iarracht eile ó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí