School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
An Curraichín, Co. Chiarraí
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 268

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 268

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 268
  3. XML “Maidin Lae Bealtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon lá Bealtaine do tháinig bean go dtí tig feirmeóra go moch ar maidin chun meadar stáin d'fhagháil agus fuair sí é, agus thug sí abhaile léi é, agus an mhaidin céadna ní raibh aon bainne ag ba an fheirméora. Lean sin ar feadh bliadhna. Ní raibh aon bainne chomh flúirseach aca agus bhíodh sé.
    Do chuaidh an bhean cheudna go dtí tig feirmeóra eile agus d'fhiafruig sí meadar stáin ac ní bhfuair sí é, agus níor thuit aon rud ar na buaibh, ach ní raibh ag ceann aca ach trí siní. Tháinig an bhean céadna go dtí tig feirmeóra Maidin Meithimh ag iarraidh sméáróide teine. Bhí bean an tighe ag déanamh cuiginne agus thug sí an sméaróíd go dtí an bhean. Bhí mac tar éis teacht abhaile do mhnaoi an tighe agus bhí se 'na shuidhe cois na tein. Do thóg se sméaróid eile agus do chuir sé isteach sa tubán an uachtair. An sméaróid a thóg an bhean, do mhúchadh sím, agus tháinig sí thar n-ais chun ceann eile d'fághail. Fuair sí é agus do chuir an buachaill ceann eile isteach sa tubán an uachtair airís. Do múchadh an ceann a bhí ag an mnaoi airís agus tháinig sí chun ceann eile d'fhághail. Thosnuig an buachaill ag gáiridhe fúithi agus chuir sé ceann eile isteach sa tubán agus do thuit an rud céádna amach. Níór tháinig an bhean thar n-ais a thuille. Annsan dubhairt bean an tighe gur chaitheadar an maidin déanamh na cuiginne agus bhí sí go brónach agus dubhairt sí go rabhadar marbh uaidh. Dubhairt a mac léi féáchaint isteach sa tubán an uachtair agus is annsan a fuair sí an t-im. Dubhairt sé léi annsan gan sméáróíd dearg do thabhairt d'aenne a thuileadh an fhaid is a bheidís ag deunamh cuiginne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Churráin
    Gender
    Female