School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 267
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean 'na gcomhnaidhe ag bun chnuic. Bhí an beirt aca an-chrosta. Fé dheireadh bhris ar an bhfoidhne ar an bhfear agus chuaidh sé go dtí an sagart chun a sgéal d'innsint dó. Dubhairt an sagart leis gan an milleán a chur ar an mnaoi bhoicht ach foidhne a bheith aige. An fhaid 's bhí sé imighthe chuir an bhean braitlín uimpi agus sheas sí i lár an bhóthair. Nuair bhí an fear ag casadh connaic sé an sprid "Ó Dhia lem' anam" arsa sé, "cad a dhéanfad? "Tá tú ceangailte agam anois" ars' an sprid. "Cad tá uait" ars an fear? "Pé rud d'iarrfá orm déanfad agus fáilte. "Ná bí ag achrann le d'mhnaoi as so amach" ars an sprid. "Ó geallaim-se dhuit ná beadh" ars an fear. D'imthig an sprid as a radharc annsan. Do sheas an fear ar an mbóthar le neart scannradh ar feadh tamaill sar chuaidh sé abhaile. Bhí saoghal síochánta ag an mbeirt as san amach.
- Collector
- Brigid Ní Chonchubair
- Gender
- Female
- Address
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Ó Ríoghbhardáin
- Gender
- Male
- Address
- Na Dumhcha, Co. Chiarraí