School: Curraichín (C.) (roll number 15979)
- Location:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Teacher: Eibhlín Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curraichín (C.)
- XML Page 263
- XML “Saibhreas i dTaisce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deir na sean daoine go bhfuil ór i bhfolac i gCroca i bparóíste Leac Snámha agus gur bé taoiseach "Ponsonby" a chuir ann é i n-aimsir Éibhlíse, idtreó is ná bhfaghadh na Sasanaigh é. Do bhí fhios ag ceann des na fearaibh aimsire a bhí i seribhís an taoisig go raibh sé annsan agus dubhairt an taoiseach leis féin go marbhochadh sé an fear aimsire.Do cheangail sé a dhá chois le téid agus do cheangail sé an téád le chois a chapaill agus do chuir sé fear in-áirde ar an gcapall agus béigin dó dul treasna an pharóíste leis, agus nuair a tháinig sé thar n-ais ní raibh ann de'n bhfear ach a dhá chois.Bhí Ponsonby ag riaghlú na tíre an trath so agus bhí comhacht aige dhuine do chrochadh indiú agus triall a chur air amáireach.Tar éis báis dó, do bhí an talamh fé comhacht Normánach darabh ainm dó "Fitzmaurice." I rith na h-aimsire sin níór chuir aoinne lámh ar an ór go dtí go dtáinig Sasanach darbh ainm dó "Bailbrown" ar a lorg. Do chuir sé triúr fear chun é fhagháíl agus tháinig tarbh 'na ndiaidh. Lá i ndiaidh sin tháínig beirt fhear agus deirigh an lá chomh dorcha le h-aon oidche riamh agus nuair a thagadar go dtí an carraig(lean ar leat. a 65)(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Curráin
- Gender
- Female
- Address
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Informant
- Pádraig Ó Curráin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí