Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 264

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 264

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (C.)
  2. XML Leathanach 264
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Táim im' cónuidhe i nDúcha.
    Tá sé suidhte i baróiste Cill-Orglan agus i mbarúntacht Uibh Ráthaig.
    Tá triocadh tighthe ann anois agus bhí an méid céudhna ann fadó cé go bhfuil ceithre seana cabhlach san áit.
    Glaodhtar an t-ainm sin air mar gheall ar an oiread san cnochán agus bainncí gainimhe a bheith ann.
    Níl mórán seandaoine a bhfuil Gaedhilge 'na bheathig san áit anois.
    Seo iad na n-ainmneacha -
    Sean Ó Foghladha,
    Proinseas Ó Connmhaighe agus
    Séamus Ó Búrcaig.
    Tá Gaedhilge go blasta acu agus is féidir leó scéalta d'innsint i nGaedhilg.
    Fadó ba gnathach le muinntir na h-aite seo dul go dtí America.
    Talamh réidh atá ann agus tá cuid mhaith de fé mhoin.
    Tá abha beag ar a glaodhtar "an caol" ag rith tríd.
    Traochann an abha san Loch i nGainimh Bháin go dtí Abha Cárthaighe.
    Luighseach Ní Chonnmhaighe.
    Dúcha.
    Fuaireas an chunntas so ó :-
    Pronchais Ó Chonnmhaighe,
    Dúcha.
    A Aoise - 89b.
    A Ghairm-bheatha - Feirmeóir.
    Cár tógadh é - Glaise, Cromán, Cill-Orglan
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Na Dumhcha, Co. Chiarraí
    Bailitheoir
    Luíghseach Ní Chonnmhaighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Dumhcha, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pronchais Ó Connmhaighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Dumhcha, Co. Chiarraí