Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 296
- XML “Paidreacha”
- XML “Ag Cuimhneamh na Marbh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do réir Dé do deinim é
Beatha na naomh do duile mé
Céolar na n-Aingeal do chloisim é
Agus soille na bhFlathas do feicim é
Solas na soille agus radharc na Tríneóide
Agus grásta na foidhne in ionad na éagcóire.Seo paidir a deireadh na sean-daoine nuair a bhídh tromlaidhe ortha :-
Anna mhátair Mhuire agus Muire Mháthair Críost
Cuirim an triúr san agus an crann ar crocadh Críost.
Idir mé agus tromlaidhe agus gach olc eile atá ar mo shuidhe.Bríd Ní Shúileabháin,
Cromán Uachtar. - Ofráilim duit arís, a Thíghearna an íodbairt naomhtha so, íodhbairt fola agus t-éin Mhic ar son na h-anam atá imthighte ar an tsiorraidheacht agus go hairithe ar son mo mhuinntire fein an méid atá tar eis bháis ar mo son mo chomhfhoguir ghaoil mo comaointeóirí agus mo cómharsan.Siobhán Ní Teacháin,
Cromán Iochtar,
Cill-Orglan.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Teacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán Íochtarach, Co. Chiarraí