Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 225
- XML “Ainmhithe na Feirme”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uaithe go bog.
Glaodhtar na h-ainmidhethe chun bídh mar leanas:-
Na cearca:- tiuc, tiuc.
Na geana:- biadh, biadh.
Na sicíní:- chick, chick.
Na lacha:- finn, finn.
Na mucha:- bhat, bhat.
Na gamhna:- suc, suc.
Na gabhair:- meig, meig.
Nuair a bhíonn cearc ghuir ag mo mháthair deineann sí nead deas i mbosca di le féir.
Cuireann sí dosaon ubh 'san nid agus cuireann sí an cearc 'na luighe ortha.
Cuireann sí marc ibhfuirm croise ar na h-uibheachaibh guir le chipín dóightte mar ádh.
Tugtar glugar ar ubh ná bíonn sicín ann.
"Cearca go tuigh agus coilig go fánach" Tá sean nós ag na daoine cearca a chur ar gor agus agus an taoide ag teacht mar ceapann siad go mbeidh níos mó cearca ná coilig san ál.
Deirtear má thagann sicíni nú turcaí amach Aoine an Céasa ná beadh aon t-ádh ortha.Luighseach Ní Chonmhaighe,
Dúcha. - Tá trí ba, dhá ghamhain agus aon chapall amháin i bhfeirm mo shean-mháithair.
Ainmneacha na mbó:-
Beauty, Blackeen agus Dearg.Bríghid Ní Shúileabháin,
Cromán Uachtar.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí