Scoil: Ráithín (B.) (uimhir rolla 9304)

Suíomh:
An Ráithín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ua Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 410

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 410

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráithín (B.)
  2. XML Leathanach 410
  3. XML “Slí na Naomh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a shrois sé an Guagán thug sé fé ndeara gur dhearmaíd sé a spéaclaí agus a leabhair ar Dhrom a’ Bhráca. Thug sé an n sgéal do’n duine a bhí ar a chúl agus thug seisean an sgéal do’n duine a bhí ar a chúl agus chuaidh an sgéal ó dhuine go duine mar sin gur shrois sé an fear deiridh. Bhí an oiread san díobh ann, ná raibh an fear deiridh tar-éis Tobar na Naomh d’fágaint go fóill agus do rug sé leis na leabhair agus na spéaclaí ann fós ar chloich.
    N.B.
    A deir seanduine Fíngín Ó Donnchadha, Gort Lice nach ceart an t-ainm sin “Slighe na Naomh” in aon chor, gur airigh sé a athair a rádh gurbh é an t-ainm ceart ar an dtobar ná – “Sileadh na Naomh.” Go raibh Naomh Fionnbarra ag léigheamh Aifrinn ar Dhrom-a-Bhráca agus gur theip air uisge d’fagháil in ghair dó. Níor dhein sé ach Fíoghair na Croise a dheanamh ar an gcloich le’n a bhacall agus do phléasg fíor-uisge amach as an gcloich agus nár stad sé riamh de’n síleadh ó shoin anuas, agus gur tháinig sruthán eile isteach ann leis an aimsir.
    Ainm an duine a bhfuaras an sgéul uaidh:- Domhnall Ua Loingsigh
    A Sheoladh – Cluain Caoin, Gleann Fleisge, Cill-Áirne
    A aois – 72 bl.
    Slighe-bheatha – Feirmeóireacht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ua Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Chaoin, Co. Chiarraí