Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 022](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0174%2FCBES_0174_022.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 022
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 022
- XML “An Díomasach Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as fhéin ach chuaidh feirmeóir suas chuige agus ar seisean
"Tá buachaill aimsire agam agus cuirfead geall leat go mbuailfidh sé thú ar choingheal go mbéidh an coimhlint ann san oidhche."
Glacadh leis an ngeall agus ar an oidhche úd thárla gach a dubhairt an feirmeóir. Ba é toradh an choimhlint gur chaith an Díomasach an meadhchain fe dhó níos fuide ná an t-oifigeach. Bhí iongnadh ar an oifigeach. Smaoinigh sé air fhéin. Annsin dubhairt sé
"Níl fear in Éirinn a fhéadfadh a leitheid sin a dhéanamh ach an Díomasach Mór agus tá barántas annseo in mo phóca agam don fhear sin"
Óir bhí sé sa margadh nach raibh cead ag an oifigeach lámh a leagadh ar an Díomasach ní fhéadfadh sé é a ghabháil an oidhche sin ach bheartuigh sé a dhéanamh lá eile. Theich an Díomasach go Meriocá agus níor cluineadh fé ó shoin i leith. Deirtear gur uaidh sin a shíolruigh Seán Díomasach, an gaisgidheach dornála. Pádraig Ó Mearáin, Óchabháil, Átha 'n Chláir- Bailitheoir
- Pádraig Ó Mearáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Nuachabháil, Co. Shligigh