Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 001
- XML “Beirt Chaibléirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean chobléir ag dul thart ag trompaidheach. Tháinig sé ag teach caibléir eile ag iarraidh oibre.
"Níl aon obair agam duit" ar seisean. Níl aon turn agam fhéin ná aon greim le'n ithe.
"Bhéarfaidh tú gar a' tighe dhom" ar seisean.
"Béarfadh" ar seisean "agus fáilte."
Chuaidh sé (an cableir a tháinig isteach) amach nuair a tháinig an oidhche agus ghoid sé caora. Mharbhuigh siad í, bhearr siad í, d'fheann siad í, agus ghlan siad í. Chuir siad pota breágh dhe sios agus bhruith siad é agus d'ith siad lán a mbolg dhe. Lá ar na bhárach d'ith siad béile eile dhe agus bhí siad ag ithe gur ith siad an greim deire dhe. Ghabh siad amach agus ghoid siad caora eile leo agus mharbhuigh siad í agus bhí siad dhá ithe. Chrothnuigh an feilméir na caoirigh ag imtheacht. Chuir sé a mháthair isteach i gcomhra agus chuir sé neart le n-ithe 's len ól léi. Chuaidh sé go teach a' chabléir go bhfuair sé áit sa teach leis an gcómhra a fhághail ann. Tháinig an caibléir isteach agus an chaora goidte aige
"Cé thug an cómhra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Chearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh