Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 819

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 819

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 819
  3. XML “Comharthaí Aimsire”
  4. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) Nuair a thagann na géana fiadhna agus na h-eallaí go dtí an áit seo cómhartha seaca iseadh é
    2) Nuair a bhíonn droch aimsear buailte linn bíonn dath donn-dubh agus spotaí liath ar dhromaibh na bhfrog
    3) Nuair a bhíonn na pilibíní istig ó'n dtráigh cómharthaí báistighe iseadh é
    4) Nuair a bhíónn na curlúin ag déanamh glóir mór tímcheall na sléibhte agus aimsear breágh ann cómhartha droch aimsire iseadh é
    5) Nuair a bhíonn an Machaire le feiscint go soiléir ó Clochán san tráthnóna cómhartha droch aimsire iseadh é leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ceallacháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tadhgh Ua Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí
  2. 1) Dá bhfeictheá an spéar dearg thoir ar maidin sin cómhartha báistighe
    2) Dá bhfeictheá súil cuilig ar an ré sin cómartha gála gaoithe
    3) Dá bhfeictheá an spéar dearg thiar sa tráthnóna sin cómhartha aimsear mhaith
    4) Dá bhfeictheá réíltín timcheall troigh ós coinne an ré amac sin cómhartha droch-aimsire
    5) Dá bhfeictheá bannc ceó tuaidh ana íseal sa bhfairrge agus aimsear breágh, bí suíralta go mbeadh seoinseál aimsire agat
    6) Dá mbeadh na madraí gaoithe theas cómhartha droch-aimsire iseadh iadh
    7) Dá dtéíghidís soir ó tuaidh go Ceann Léíme ( Co. an Cláir ) bíodh súil agat le aimsear breágh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.