Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí ruagairt ar na sagartaibh fadó bhí sagart bocht ag imtheacht dó féin oidhche anso agus oidhche ansúd agus culaith éadaigh bocht air. Lá des na laetheannta agus é go tuirseach traochta um tráthnóna casadh isteach to tigh Mhinistir é. Lorg sé lóisdin na h-oidhche agus fuair sé é. Dubhairt bean a' tighe leis teacht go dtí an teine agus shuigh sé ann go cúthal.Nuair a bhí an suipeár ullamh dubhairt bean a' tighe leis an Minister cuireadh do thabhairt do'n fear bocht teacht go dtí an bórd agus béile do chaitheamh leo. Dubhairt an bhean pé'n ait go dtáinigh an fear bocht as go raibh fuil uasal ann. "Abair leis teacht go dtí an suipeár mar sin" arsan Minister, agus do dhein sí.Ghaibh an sagart a bhuidheacas dí ach dubhairt sé nárbh aon áit dó féin dul imeasg daoine uaisle. Chuaidh an bhean arís go dtí an Minister. "Dubhairt- (?) leat," arsa sí, "go raibh uaisleacht san bhfear mbocht agus bheadh sé maith do dhóthain do ghnó féin cuireadh a thabhairt dó.Tháinig an Minister agus dubhairt sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Dhubhda
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus de hÓra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí