Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 824

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 824

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 824
  3. XML “An Doineann”
  4. XML “An Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    farraige, ac bhi ualac mor d'iasg aca. Deirig an stoirm agus bhi fhios acu go gcaillfi iad. Bhi bad eile in aice leo agus dubhairt duine d'en truir le muintir an bhaid beirt aca fein a thogaint leo, ac ni togfhadh siad iad agus do badhadh an truir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Timceall dachad bliadhan o shin, bhi stoirm mhor sa duthaig seo. Bhi pairceanna ag muintir na Tiarach in aice Abha na Feinne. Bhi coirce ag fas ionta. Bhi se gearrtha an am seo agus bhi se deanta suas na stuacai. Deirig an abha agus cuaidh se isteac ins na pairceanna agus sgiob se leis an coirce. An mhaidin na dhiad bhi an cuid is mo de'n coirce caithte isteac in aice an calaid bheag. An oidhche cheadhna do chaith muintir O Neill teitheadh as a dtig mar thainig an tuisge isteac sa tig. An oidhche cheadhna aris, do chaith muintir an Che teitheadh as a dtighthe mar thainig an farraige isteac cucha. La amhain bhi fear ag dul o Fatha go dti Maca an Bheal. La ana bhreagh do beadh e. Bhi Eamaoin O Corcorac ag bhreith beithidhigh o Maca an Bheal go dti a thig fein i Sliabh Glas. Bhi air dul thar abha. Bhi da cheann de's na beithidhig ag dul treasna na h-abhann nuair a tainig an thuille. Do sgiob se leis iad agus n'fheaca aoine o shin iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ua Concúbhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Padruig Ó Concubair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Chiarraí