Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 793

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 793

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 793
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí loclannach 'na chomhaidhe inDaingean. Fear ana saidhbhir abeadh é, mar bhí seacht crócha óir aige. Bhí sé i gCiarraidhe ar feadh tamaill agus cuireadh sé na seacht crócha óir i bpoll éigin gach oidhche mar bhí sé san rith. Ins na sleíbhte is mó a caitheadh sé a shaoghal. Lá amháin cuaidh sé suas go dtí cnoch Bhréanainn agus cuir sé an tór i bpoll ann. An lá san bhí bád ó America ag teacht isteach go dtí an Daingean. Cuaidh an Loclannach go dtí an bád san agus cuaidh go dtí America.
    Dubhairt an Loclannach le fear an bháid
    ; "O" ar seisean "do dheineas dearmhaidh ar mo chuid óir". "Cad é an tór" arsa fear an bháid leis. D'inis sé an sgéal do fear sa báid. Ní raibh an Loclannach leath slighe go dtí America nuair fuair sé bás. Chuaidh fear an bháid agus beirt fear eile ó'n Daingean go dtí bárr Cnoch Bhreannainn an oidhche 'na dhiaidh sin agus nuair a cuadhar go dtí an áit a raibh an tór i bhfollach do bhíodhar ag romhar ar feadh tamaill. Annsan d'éirigh dhá coin as an dtalamh agus na slabhraí ceangailte asta. Fuair na triúir fir poch agus fuaradar bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gerard Ua Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán D. O' Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Chiarraí