Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
- XML Leathanach 582
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí garsuinín beag ann fado ag rit timceall na mbailre.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Ní hé "Mé Féin" a bhí sa bruigeinn ach an dá feirméoir ba mheasa a bhí. Sa bruiginn marbuigeadh an seana feirmeoir. Theith an chuidh eile go leir ach amain "Mé Féin". Nuair a chonnaich "Mé Féin" an seana feirmeoir marbh tháinig lán a croide d'aitreacais air. Chuir sé sgéala go muinntir an feirmeóra mar gheall air. Tháinigeadar ag triall air agus cuaidh "Mé Féin" na dteanntha chun cabhartha leo. Cuireadh fé chlár é agus deineadh é thóram. An lá na dhiaidh san bhí socraidh mhór aige. Pé duine a bhí sa tsocraidhe do ghlaoidh an inghean ar "Mé Féin"agus dubairth sí leis teacht go dtí na dtig féin agus dul ag obair chuaca as so amach. Bhí sé sastha am baich agus agus thug sé ainm nua air féin.Níor d'aitin aoinne des na mna eile é, an tseana bhean, ná bean an fheirmeóra,bíodh an obair chomh maith san deantha aige. Sa deire deineadh cleamnas do leis an ingean.Do pósadh iadh agus bhí an bainis ar siúbal dhá oidhche deugh agus dhá lá dheug. Ní hé an fear ceadna i naon cor anois é. Tá atárughadh mór ar a bheathadh agus is é atá abaltha ar aire a thabhairt dá chúram.- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Laochdha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann