Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 417

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 417

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 417
  3. XML “Ainmneacha Cósta - ó Chnoc na hAcraí go dtí Ceann Tairbh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sí ró ghéar agus bíonn scata caorach thíos ann go minic.
    Cloch a' Chómhartha:
    Carraig í sin lasmuigh de phoinnte na hAcraí. Nuair a chídhtear í go hárd os cionn an uisce bíonn fhios againn go bhfuil lag trágha ann. Bíonn sí clúdaighthe nuair a bhíonn barra taoide ann.
    Faill na Máirnéalach:
    Caitheadh isteach ar an bhfaill seo cuirp cúigear máirnéalach taréis briseadh long fadó.
    Béal na gCloch:
    An Cuas inaice Chaisleán na Mináirde. Bíonn sé i gcómhnuidhe lán suas de chlocha móra cruinne a thagann anoir ó na faillteacha.
    Faill na Saor:
    Tá coiréal breágh de chloch ruadh gainmhidhe anso. D'oibrigheadh é suas go dtí dachad bliain ó shoin, agus is uaidh a tháinig na clocha chun na scoile seo do thógaint. D'úsáideadh leis iad do seipéal agus Clochar an Daingin.
    Faill Breac
    Dath breac ar na clocha ar chliathán na faille.
    Faill an Fhiaidh Bhig:
    Bhí fiadhtha go flúirseach san áit seo uair. Tá páirc i bparóiste Liospóil in aice linn agus tá "Páirc an Fhiadh" ann. Tá sí roinnte 'na páirceannaibh beaga anois, ach tá an falla cloch a bhí mór dtimcheall na páirce 'na sheasamh fós. Deireann na sean daoine gurbh amhlaidh a éaluigh fiadh amach as agus gur marbhuigheadh ar an bhfaill seo í.
    Faill Dubh:
    Cuma dubh dorcha uirthe.
    Faill a' Mhacaigh:
    Talamh réidh ós a cionn. (macha)
    Faill a' Chomhra:
    Inaice leis an nGob. Clocha i bhfuirm comhran ann.
    Carraig na Spéacán
    Inaice Faill a' Chomhra.
    Carraig na mBuachaillí
    Ar Chnoc a' Ghleanna. Bhíodh na buachaillí ag súgradh dóibh féin ann agus iad ag aodhaireacht ar an gcnoc.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí