Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 452

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 452

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 452
  3. XML “Turas na Maighdine Muire go hÉigipt”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhíodar ag éalódh leó ach b’éigin dóibh gabháil tríd an dtráigh. Bhí na saighdiúirí (a..) a dtóir agus dubhairt Naomh Ioseph leis an Maighdean Mhuire go bhfeicfeadh na saighdiúirí rian a gcos ar an ngainnimh. Dubhairt sí go stiúróchadh Dia iad. Ní fada a chuadar nuair a tháinig na cúirliúin agus do scríosadar rian a gcos as an ngainimh. Do theasbáin aingeal é féin dóibh agus dubhairt sé leó gan aon eagla a bheith ortha mar go rabhadar saor anois. Thug Dia an buadh don gcúirliúin ná féadfadh éinne a nead a d’fhághailt amach go deo agus ní fuair.
    Máire, Bean Nic Gearailt (bean feirmeóra )
    Bánóg,
    Abha na Scáil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Arsa seanbhean le cailín óg a bhí á lochtú

    Arsa seanbhean le cailín óg a bhí 'á lochtú: -
    "Is minic a bhíosa fá mar 'taoise
    Mar a rabhasa ní b'fearra
    mbéidh' go mbeithfeá níos a measa."

    Arsa bacach mar gheall ar baile go raibh daoine doicheallacha ann: -
    "Má tá ocras ort ná téighir ann, baile beag briste 'gus a thóin leis an uisce, agus mná gan tuiscint ann"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge