Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 451

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 451

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 451
  3. XML “Turas na Maighdine Muire go hÉigipt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Turas na Maighdine Muire go hÉigipt
    Nuair a bhí an Mhaighdean Muire agus Naomh Ioseph agus an leanbh Íosa ag teicheadh go hÉigipt bhí an lá fuar gaothmhar agus do bhain an ghaoth a brat de’n Maighdean Mhuire. Do bhuail bean úimpe agus d’iarr sí uirre an brat a shocrú uirthe agus snaidhm a chur air, mar bhí an leanbh Íosa aici féin. Do dhein an bhean amhlaidh ach bhí fhios ag Muire ná raibh sé déanta i gceart aici. Dubhairt sí leis an mnaoi, “Sonuachar maith chughat.” Ní fada a chuaidh sí nuair a scaoil sé arís agus bhuail bean eile annsan leó. Thárluig an rud céadna ach mó seadh dubhairt an Mhaighdean Muire an rud céadna léithi sin. Do bhuail an tríomhadh bean léithe agus dubhairt sí léi é a shocrú. Do shocruig sí sin i gceart é ach dubhairt an Mhaighdean Mhuire léi, “droch sonuachar chugat”. D’iarr an bhean uirre cad ‘na thaobh go ndubhairt sí é sin, gur shocraigh sí féin i gceart é. Dubhairt Muire léi ná buaileann lánamha máirth riamh ar a chéile ach go mbeadh duine acu go slachtmhar agus an duine eile gan aon mhaitheas ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí