Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Scéal Grinn Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí táilliúir ann uair. Lá amháin bhí sé 'na shuidhe anáirde ar an mbórd agus é ag déanamh muinirtle casóige. Bhí a lán cuileóg ag eitilt timcheall air.Bhuail sí buille den mhuinirtle ar an mbórd agus mhairbh sé céad díobh. Nuair a chonnaic sé an gaisce a bhí déanta aige dubhairt sé leis féin gur suarach an nídh do bheith ag fuagháil anáirde ar bhórd agus céad marbh aige. Fuair sé claidheamh istigh fahn leabaidh agus do scríg sé air - "Fear a mhairbh céad le h-aon bhuille amháin," agus d'imthig sé leis.
    Bhí sé ag imtheacht leis riamh agus choidhche go dtáinig sé go dtí áit 'na rabhadar ag tógaint cúirte móire. Ní fhéadfadh aoinne é thógaint mar gach maidean nuair a théighidís amach chuige bhíodh cuid de'n bhfhalla leagtha.
    D'iarradar ar an dtáilliúir fanacht ag faire air an oidhche sin agus dubhairt sé go bhfanfadh. Do shuidh sé anáirde ar a bharra.
    I lár na h-oidhche tháinig fathach mór agus chuir sé a ghuala leis an bhfalla chun é leagadh. Do chaith an táilliúir cloch mhór anuas air agus mhairbh é.
    An dara oidhche tháinig fathach eile agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Nunáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí