Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 265

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 265

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 265
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Stalc (Starch):
    Gheibhdís prátaí móra, nighidís agus glanaidís iad agus phriocaidís gach salachar asta le scian. Gheibhdís grátaer ansan agus do scríobaidís na prátaí isteach i mbuicéad. Chaithidis uisce glan do chur ann gach lá agus é do scagadh go maith. B'é an stailc an fuighleach glan a dhfhanfadh.
    Gaibhneacht:
    Ana céard do b'eadh an gaibhneacht sa tsean aimsir. Bhí beirt gabhan sa pharóisde beag seo uair, duine ar an Mináird Thiar agus duine eile i mBaile-na -saor.
    B'iad na gaibhne a dheineadh na h-uirlisí iarainn go léir, mar atá picí, ramhainn, tlúthanna, tuaghanna,crochanna, drollaí, piosaí de'n gcéachta agus araile.Deirtear go mbíodh na h-uirlisí seo a bhfhad nios fearr ná iad san a cheannuightear 'sna siopaibh anois. Bhíodh ana cháil ar na pící dhá phéice a dheineadh "Micheál a Ghabha" ó Bhaile-na -saor.
    Céachtaí adhmuid a bhíodh acu sa tseanaimsir, agus tá seandaoine fós sa pharóisde a dhein treabhadh leo. An siuinéar a dheineadh an chuid adhmaid agus dheineadh an gabha an soc agus an cealltar do'n gcéachta. Bhí na céachtaí san ana eadtrom, agus d'réir na seandaoine b'éigin do dhuine éigin suidhe anuas ar thosach an chéachta chun é choimeád sáidhte sa talamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    94
    Seoladh
    Gleann na Mine Airde, Co. Chiarraí