Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 215

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 215

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 215
  3. XML “Scéal - Conas a Fuairtheas amach go Raibh Leasú Talún sa Ghainimh”
  4. XML “Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an gaisce a dhein sí an lá san go raibh sí a d'iarraidh na beithidhig do stop in aice an Daingin.
    "Is breágh na Trághanna atá ansan thiar agaibh," ar seisean, "dá mbeadh fhios agaibh an maitheas atá ionnta." "Conus," ar sise "Is minic a thugamair fá ndeara," ars E sin, "aon áit sa pháirc go luigheadh an madra ann agus é clúdaighthe le gainimh t'réis bheith á ionfairt féin ar an dtráigh, go bhfásadh brat breágh féir ann 'na dhiaidh san." Conus, " Sin é an slighe go bhfuairtheas amach anso go bhfuil leasú talmhan sa ghainimh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 3. Sídheoga (scéal)
    Bhí seanbhean ina cómhnaidhe annso i nGleann na Mináirde céad bliain ó shoin. "Clára" a h-ainm. Bhíodh sí in éinfeacht leis an sluagh sidhe ist oidhche go minic agus pé rud a dheineadh a muinntir chun í choimeád istig d'éaluigheadh sí amach i ngan fhios dóibh. Uaireannta do chodluigheadh beirt ban 'na teannta ach thuiteadh a gcodladh ortha agus d'imthgheadh sise. Bhíodh sí slach agusstracaighthe go minic t'réis na h-oidhche.
    Do thárla uair go raibh pósadh sa chomharsanacht agus níor fhan aoinne istig i dtigh áirithe ach bean agus a leanbh óg. I lár na h-oidhche d'éirig an bhean seo ana uaigneach, seo leithe go dtí an pósadh agus an leanbh ar a drom aici. Is deallramhach go bhfuair an leanbh poc ós na daoine maithe mar t'réis teacht abhaile dóibh ní stopfadh an saoghal í ach í ag gol agus ag scréachaig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Brosnacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí