Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 211
  3. XML “Na Sióga ag Troid sa Lios”
  4. XML “Saighdiúir na Cúlach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní fúláir nó go raibh aithne aige ar an bhfear a ráidh is go raibh a ainm aige. Do ghlac sé a chomhairle, d'imthig sé leis abhaile agus níor bhac sé le na chapall. Nuair do shrois sé an baile chualaidh sé glaodhach an choilig. Thóg sé an leabaidh agus d'fhan sé ann ar feadh mí. Ní gádh a rádh gur chreid sé feasta ins na Púcaí.

    Saighdiúir na Cúlach.
    Bhí fear de mhuinntir Ghribhthín 'na chómhnuidhe i gCúil in aice Abha-na-scáil timcheall le naochadh bliain ó shoin. Chaith sé tamall san Arm Ghallda ach d'éaluig sé abhaile go dtí na dhritheair. Bhí na saighdiúirí á lorg ar feadh leath bhliadhna ach ní fhéadfaidís teacht suas leis i bpoll ná i mbearnam. Bhí dachad saighdiúirí mór dtimcheall air uair ach do theip ortha é do ghabháil. Nuair a theigheadh sé a chodladh ist oidhche do thugadh sé dhá dhorn siuicre a bhreith leis chun a bhéal do choimeád tais t'réis cursaí an lae.
    Bhí sé lá ag dul an Daingean agus thárlaig na saighdiúirí leis ag Crosaire an tSagairt. Bhíodar gabhtha gleasta in arm's in éide agus a gcapaill acu.Ag siubhal a bhí seisean ach bhí arm teine aige. Dubhradar leis go raibh beirthe acu air sa deire ach de phreib do dhírig sé
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Teanga
    Gaeilge