Scoil: Rathún (Clochar) (uimhir rolla 1013)
- Suíomh:
- Rathún, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathún (Clochar)
- XML Leathanach 429
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Cúpla chéad bliadháin ó shóin in aimsir na bpéin-dlighthe agus na géarleanamhainthe...”
Rút Ní Mhaicín, An Bóthar Árd, Gaillimh
Aois 13 bl 2 mí, rang a hocht.
Fuaras ó m’athair é, agus fuair seisean é ó na sean daoine san áit a rugadh é – Árd Macha.Cúpla chéad bliadhán ó shóin in aimsir na bpéin-dlighthe agus na géarleanamhainthe bhíodh ar na sagairt bhochta bheith ag dul thart ar fud na tíre i mbréag-ríocht, agus iad feistighthe amach mar fir siubhail nó mar bacaigh.
Thárla fán am sin go raibh feilméar mór protusdúnach ina chomhnuidhe in aice leis an gClochán i n-iarthar na Gaillimhe.
Bhí ubhall-ghort breágh aige ar thaobh an bhealaigh mhóir agus ba mhór an cathughadh é do bhuachaillí óga na h-áite na h-ubhla breághtha dearga a d’feicfidís taobh istigh de’n chlaidhe nuair a bhéadh siad ag suibhal thar an gharrdha seo.
Tráthnóna amháin sa bhfoghmhar bhí trúir buachaillí ag suibhal abhaile ón gClochán agus nuair do tháinig siad chomh fada le teach an fheilméara seo thug siad na h-ubhla fá deara, agus shocruigh siad, mar a ndéanfadh buachaillí ar bith dá gcomh-aois go mbéadh lán a bpóca de na h-ubhlaibh aca.
Bhí tuairm’s leath-dhosaen díobh sgiobhtha de na crannaibh aca nuair do chuala siad duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rút Ní Mhaicín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Bóthar Ard, Co. na Gaillimhe