Scoil: Rathún (Clochar) (uimhir rolla 1013)

Suíomh:
Rathún, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 456

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 456

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rathún (Clochar)
  2. XML Leathanach 456
  3. XML “Lá Fhéile Stiofáin”
  4. XML “An Leipreachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuiteann lá Fhéile Stiopháin ar an lá in a dhiaidh lá Nodlag. Bíonn go leór buacaill beag ag dul thart leis an dreóilín bíonn an dreóilín thíos i mbosca agus bíonn cuileann ar bhárr an bhosca agus bíonn amhráin beag ghá rádh ag na buachaillí beaga. Seo é an amhrán:-
    "Dreóilín, dreóilín, rí na n-éan.
    Lá Fhéile Stiopháin gabhadh an t-éan
    Is mór é a mhuirighín, is beag é fhéin,
    Eirigh suas a bhean an thíghe
    Beir ar sgian na coise buidhe
    Agus gearr amach píosa do'n dreóilín."

    Deireann an duine abíonn ag éisteacht leis go mbíonn se sin go maith agus tugann sí píghinn nó dhá pighinn dóibh agus bionn dhá buachaill agus aon bosca eadorra. Nuair a bhíonn a sáith déanta aca, bíonn an t-airgead arfad ag buachaill amháin agus roinneann sé an t-airgead eadorra agus ceannuigheann siad milsean agus teigheann siad abaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Stiofáin (~402)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Chomháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Cinn Uisce, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Sorca Ní Chomháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Uisce, Co. na Gaillimhe