Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tugadh cupla gloine dhó agus in a dhiaidh sin tugadh mug mór anbhruith dó. D'ól sé é sin freisin agus d'eirigh sé on leabaidh annsin mar d'aithruigh sé é fein ag eirigh tinn. Chuaidh sé sios ag an teine agus chuir sé steáll mór den rud a bhí olta aige amach. Sgearr gur chuir sé taoisg eile amach sá teine agus é shuidhe in aice na teineadh. (?) Las sé sin agus dhoghadh a chrombeal agus an feasóg a bhí air agus gruag a chinn agus a eadan. Bhí sé dona go leor annsin agus ní bhfuair duine ar bith san ait amharc ar go ceann sé míosa. Tharla go bhfuair sé droc thinneas in a dhiaidh sin. (-) agus thuit an sean chraiceann de ar fad agus as sin amach bhí sé chomh dhathamhail is bhí sé ríamh. Níor thóg sé Pledge anaghaidh óil nu tada. Di'iarr mé fein de lá amhain gur chas sé liom an mbeadh faitchíos air deoch a ól. Dubhairt sé nach mbeadh acht ar seisean "go mbeinn cinnte nach mbeudh bó adharcach i ngar dom". Mhair sé 'na shlainte go raibh sé os cionn na deich mbliana is ceithre scór.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge