Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 189
- XML “Scéal Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Crábhaidh
“Tá go raibh ár dTigearna Iosa Criost ag siubal le Naomh Peadar casadh fear leo a bhí ag iarraidh déirce.”
Lá go raibh Ar dTigearna Iosa Criost ag siubhal le Naomh Peadar casad fear leo a bhí ag iarraidh deírce. Bhí a fhios ag Naomh Peadar gur gaduidhe agus dearg scailbhtéire (?) a bhí ann agus rinne sé iongantas go dtug Ar dTighearna déarc dó.Téis acairin eile doibh ag siubhal casad sean fhear ortha. Bhí an chuid eadaigh stroichthe agus chuile cosamhlacht air go raibh sé i baoghal a bhais le ocras. Diarr sé dearc ar Ar dTighearna acht nior thug Sé do é. Do mheadaigh sé ar iongantas Pheadair.An lá in a dhiaidh sin, nu tamall in a dhiaidh sin casadh an gadaidhe ortha airíste. Bhí comhluadar fear i n-eindigh leis agus é stártha ar meisge. Bhí sé frasach go leor do chomhluadar leis an meid dighe a bhí aige. Sgearr in a dhiaidh sin go dtáineadar ar an sean fhear agus é min marbh agus réir gach cosamhlachta cailleadh é leis an ocras. Do mheaduig ar iongantas Pheadair airíst.D'fhiafruigh Peadar dár Slanuigtheóir annsin cen fáth go dtug Sé deirc don gadaidhe agus nar thug Sé rud a bit don(leanann ar an chéad leathanach eile)