Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá fear san áit seo (Eiscir, Roscathail, Co. na Gaillimhe) fear tuairim's leath cheud bladhain d'aois a chonnaic ainmhidhe mór dubh cosamhail le mada dubh. Bhí sé an fhada acht ní raibh sé an árd, tuairim's troigh ar aoirde.Bhí Seán ag teacht abhaile oidhche ó Teach Mór na Rosa. Ar cuid den bhealach suas le leath mhile bhí coill ar an dá thaobh de. Chuala sé torann mór istigh sa gcoill. Bhí balla mór cloiche ar an dá thaoibh den bhothar. Ní raibh sé deireannach san oidhche, ní raibh ann acht go raibh sé ag eirge dorca le tuitim na h-oidhche. Bhí torann mór millteach ar a thoaibh dheis agus bhí faitcios air go dtuitfeadh na crainnte agus chuaidh sé go dtí an balla a bhí ar an taobh chle den bhóthar le dul isteach sa gcoill. Acht d'eirigh an torann go mór agus choinnigh sé ar siubhal suas ar an mbothar a raibh sé ann. Chuala sé an torann nuair a táinic sé amach ar an mbothar mór agus níor stad an torann go dtainic sé go teórainn talamh an Rosa. Leim an t-ainmhide mór seo amach tar an mballa - agus chuaid sé treasna an bhothair(leanann ar an chéad leathanach eile)