Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 196

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 196

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 196
  3. XML “Amhrán - Seán Ó Duibhir an Ghleanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí faisiún ag na sagartaibh tamall ó shoin nach dtiubhradh siad faoisdean do dhuine ar bith nach mbeadh an Teagasc Criostaidhe aige. Chuaidh bean ag tóghraoíocht faoisdine lá agus ní raibh an Teagasc Criostaidhe aici agus ní bhfuair sí absalóid de bhárr sin. Chuaidh sí abhaile agus d'innis sí an sgéal dá mac a bhí théis a theacht abhaile ó Cholaisde in a shagart óg. Chum seisean an t-amhran seo leanas agus dubhairt sé leí é d'fhoghluim de glan meabhair. Rinne sí sin agus an cheud lá eile go ndeaca sí ag faoisdean chuir an sagart ceisteanna uirrí as an Teagasc Criostaidhe. Dubhairt sí leis nach raibh sí i riocht é freagairt ach go raibh amhran deas aiche dó. Dubhairt sí an t-amhran seo leanas agus bhí an sagart sásta leis agus dubhairt sé leí go raibh an Teagasc Criostaidhe aici ar fad agus thug sé absoloid dí. Seo é an t-amhran mar a bhfuair mise é. Tá aimhreas orm nach bfuil sé ann ar fad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eamonn Ó Laidigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Pollach, Co. na Gaillimhe